The Project Gutenberg eBook of Aodh Ó Néill

This eBook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this eBook or online at www.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook.

Title: Aodh Ó Néill

Drama

Author: Conán Maol


Release date: June 10, 2026 [eBook #78840]

Language: Irish

Original publication: Baile Áṫa Cliaṫ: Conraḋ na Gaeḋilge, 1902

Other information and formats: www.gutenberg.org/ebooks/78840

Credits: Chris Hapka and the Online Distributed Proofreading Team at https://www.pgdp.net (This file was produced from images generously made available by The Internet Archive)

*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK AODH Ó NÉILL ***

ILÉIGH⸺

AN CLAIDHEAMH SOLUIS
Gach Uile Sheachtmhain.
BÍONN SGÉALTA, SEANCHAS, DÁNTA, AMHRÁIN.
AGUS CEÓL ANN I nGAEDHILG.

Tá ceachta ann le haghaidh Lucht Foghluma na Teangadh; ⁊ cheachta insan Modh Réidh le Gaedhilg d’Fhoghluim.

Ina teannta soin, tá tuairisg ann ar an gcuma is fearr leis an teanga do mhúnadh do pháisdibh sgoile; ⁊ cunntais ar imtheacht na nGaedhilgeóirí ins gach áit ina bhfuilid. Níl air acht Pinginn ’san tseachtmhain.


TÁ SNAS NUA AR
IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.
TÁ EALDHANTAS AGUS EASARLUIGHEACHT,
CEÁRDUIGHEACHTA
GNÓTHACH AG CUR PICTIÚIRÍ ANN.

Tá malairt fosda ar na blúiribh Gaedhilge atá ann. Tá níosa mó nuaidheacht ann, acht níor sguireadh ag tabhairt na mínighthe do ba gnáthach a chur ar an nGaedhilg neamh-choitcheann.

NÍ’L AIR ANOIS ACHT TISDHIÚN.

IIAODH Ó NÉILL.
“CONÁN MAOL”
Do sgríobh.

IIIClodh-bhuailte
AG LUCHT na MAINSTREACH,
I n-Oifig “An Claidheamh Soluis,”
9 Sráid Mór an Trágha,
ÁT-CLIATH.

IV

Aodh Ó Néill

DRAMA,
Do sgríobh
Conán Maol.”
(TÓGTHA Ó’N gCLAIDHEAMH SOLUIS).
An séala Chonnradh na Gaedhilge, le an mana “Tír is Teanga.”
Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE
I mBaile Átha Cliath,
1902.

V

COMHLUADAR:

MEÁIBLE BAGENAL, bean-uasal Sagsan.
ESTAR (bean uasal), cara Mheáible.
SÍOGRÁBH, Gaedheal-Ghall.
BAGENAL, Taoiseach Airm Shasana, dearbhráthair Mheáible.
MAC UILLIAM, an Fear Ionaid Bainrioghana.
UA NÉILL ULADH.
Triúr Gallóglach (Tighearnaí i gculaithibh gallóglach).
Dóirseóir, fir friothálta, giolla.
CÁIT DHUBH, Gaedheal-Ghall.
Teachtaire Bainrioghana.
Fear rabhadh, nó ballsaire.
Gallóglaigh, ceithearnaigh, agus braighde.
Cláirseóir.
Píobaire.
Rinnceóir.
SEAGHÁN UA hÓGAIN, rúnaire Uí Néill.
Easbog.
Ollamh Uí Néill.
Beirt fhear faire.
Móirsheisear saighdiúirí.

5
AODH Ó NÉILL.

RADHARC I.

ÁIT: Teach clúthmhar i nDroichead-Átha. UAIN: Oidhche ghealaighe shamhraidh.

[Beirt cailíní ag fuagháil gréasa.]

MEÁIBLE.—A Estair, dún an fhuinneóg; tá faitchios orm anocht.

ESTAR.—Cad tá ar mo ghrádh gil anois? Tá an oidhche ciúin agus geal; tá ba ’na suan ar mhachairíbh míne agus caoirigh go clúthmhar ag cogaint a gcíorach ar sgáth na bhfál.

M.—An chaora ’na suaimhneas, acht cá bhfuil an t-uan, a Estair?

E.—Cá mbéadh sé, a laogh, acht le cois a mháthar.

M.—Fóiríor! is fada ó na máthair Meáible Bagenal. Mo léan! gan mé lem’ mháthair. Cogar i leith, a Estair; chonnac-sa sgáil ó chiainibh thuas annsain le taobh an toir droighin. Ba chosmhail le taidhbhse í, má tá a leithéidí ann.

6E.—Ná tabhair srian do shílteannaibh agus ná géill do phiseógaibh, a chaithis mo chroidhe.

M.—Chonnac an sgáil go háirithe; agus creideann na hÉireannaigh go mbíonn daoine maithe ag damhas lasmuich nuair ghileann an rae na ceanntair.

E.—Daoine maithe! Cúis gháire chúgainn. Ba bhaoth an smuaineadh é, acht shíleas aon uair amháin gur droch-dhaoine muinntir na hÉireann go léir⸺O, a Dhia! cad é sin?

M.—Amhastraigh ⁊ sceamhuigheal na bhfaol-chon; níor mhaith liom bheith lasmuich anocht.

[Cloiseann an bheirt bhan cos i n-áirde capaill, búithre adhairce, ⁊ bualadh dian ar chnap cómhlann na faithche.]

Dóirseóir [lasmuich].—Cia tá annsúd—namhaid nó cara?

Fear.—Mise Síográbh. Fosgail go déaghair—tá mo chapall tabhartha. Gléas dhá chapall láithreach, ⁊ sgaoil na coin fá’n dtír. D’fhóbair go stolfadh na macatíre mé—nár chualuighis ag amhastraigh iad?

[Tigeann an Ridire SÍOGRÁBH isteach.]

SÍOGRÁBH.—Móra dhíbh, ⁊ duit-se go sonnradhach, a bhruinneall óig. Badh mhaith liom suidhe led’ chois go fóill, ’gus éisdeacht leis an nguth do dhúisigheann grádh na laoch, acht sé mo rabhadh dhuit bheith gan mhoill ar muin na lárach duibhe tá ins an mainreach thíos d’á gléasa ag an bhfear.

7MEÁIBLE.—Cad é fáth an turais seo? Ní thuigim é, ná fós an bhrigh atá led’ chainnt. Tá lár na hoidhche ann; ní gnáthach lem’ leithéid-si triall le fear im’ aonar thríd an tír nuair bhéas an saoghal ’na shuan.

S.—Tá do chúmhal id’ theannta; máiseadh bíodh capall eile ullamh di, gidh gur b’é órdughadh an ridire Bagenal thusa féin amháin do thabhairt ’na láthair.

M.—Táim-se im’ mharcach mheathta istoidhche, agus fós tá’n mactíre lasmuich do chuirfeadh sgéan ar mo chapall.

S.—D’á olcas é an mactíre tá níos measa ’ná é lasmuich, acht inneósaidh do dhearbhráthair duit fáth an deabhaidh; tá Aodh Ó Néill ar tí tú fhuadach. Ná bíodh eagla ort ar a shon sain, mar tugaim na móide dubha go mbéidh Síográbh na Sagsan fá na sháil sul mbéir-si id’ leanán aige.

M.—Chualas trácht ar Aodh Ó Néill, agus chonnac é leis aon uair amháin; ní ceart duit beart do chur ’na leith ná béidh sé cionntach di ar ór an tsaoghail.

S. [I leath taoibh]—Dar Rí na nDúl, béidh fuil a chroidhe agam. [Ós árd.] Tá an oidhche ’gá caitheamh; is cóir dúinn bheith ar siubhal, a bhean uasal mhánla. Béidh an ridire Bagenal ag feitheamh linn go neamh-bhfoidneach.

[SÍOGRÁBH as láthair.]

8E. [ag féachaint ’na dhiaidh]—Go n-éirghidh an t-ádh leat! Do b’fhearr linn do chúl ’ná do cheannaighthe.

M.—A Estair, caithfeam gluaiseacht. Is é nós na mban géilleadh. Dá bhfaghainn mo rogha, do b’fhearr liom suidhe annso ag éisteacht le hochón na dtonn ag briseadh amuich ag béal na Bóinne.

E.—Fan, mar sin, agus leig do Shíográbh filleadh ar n-ais, a chuaird i n-aisdear.

M.—Ní lámhfainn é, a Estair. Ní fheacuighis riamh súla mo dhearbhráthar ag lasadh suas le feirg. Fosgail an fhuinneóg go mbéidh gaoth ghlan fhuar na hoidhche ag séide ar mo leabaidh fholamh.


9

RADHARC II.

ÁIT: Seómra ríoghachda i gCaisleán Bhaile-áth-Cliath.
UAIN: Maidin go moch.

[An Ridire BAGENAL agus SÍOGRÁBH ’na suidhe ag bórd.]

BAGENAL—Cár fhágais an bhean óg, mo dheirbhshiúr ghrádhmhar?

SÍOGRÁBH—I nGlas Neidhn lem’ shiúr. Ceapaim gur mór léi Aodh Ó Néill. D’eitigh sí triall lem’ chois aréir ó Dhroichead-Átha gur bhagaras fearg a dearbhráthar uirthi. Dubhart léi go raibh Ó Néill ar tí í fhuadach; acht, mo thruagh mhór thú! níor chuir sin garrabhuic uirthi, agus dar liaigh, chúm sí leithsgéal dó láithreach.

B.—Má mhairim, a dhuine, is amaideach í do chainnt.

S.—Má’s amaideach is fírinneach.

B.—Dar Naomh Seóirse, gidh gur mór liom í, dá gcreidfinn tú, do chuirfinn i slabhraibh láithreach í ins an gcuas is doimhne ⁊ is dorcha i bhfíor-iochtaraibh an Chaisleáin.

S.—Ná déin a leithéid; acht comharluighim thú fir faire do chur ’na feidhil nó béidh Ó Néill ’na dhearbhráthair céile agat.

10B. [ar buile le feirg]—Ní lúgha liom an deamhan ’ná an fear sain, ná luaidh arís a ainm fá’m chómhair. Méirleach ’na chroidhe istigh is eadh é, tá sé ag cabhrughadh le hÓ Dómhnaill i gan fhios; acht tá sé chomh glic le mada ruadh, agus ní fhuil againn acht amhras fós air.

S.—Is clos dom go bhfuil mórán luaidh fá dhíon an tighe aige.

B.—Is fíor sain, acht is sé a leithsgéal do Fhear Ionaid na Bainrioghna gur i gcomhair dín dá thighthibh atá an luaidh úd aige.

S.—Mar dh’eadh!

B.—Seadh, atá an butún air ’sa deireadh ámh; dhiúltuigh sé Sirriam do leigean ’na chríochaibh, ⁊ chuir an Fear Ionaid fios air láithreach bonn, agus béidh sé annso i mbárach chum cunntuis cruinn do thabhairt ar a thréighthibh.

S.—Is binn liom do ghlór. Acht fan go fóill—fillfidh sé abhaile slán, is dócha?

B.—Ní fhuil air acht amhras fós, adeirim leat, agus go mór mhór tá cloichead nó sgríbhinn coimirce ó’n bhFear Ionaid aige, agus ní leómhfar bárr méire do bhualadh air, toisg go mbéidh Cúige Uladh ag brúchta le buile ’na thaobh.

11S.—Brúchtadh sí léi. Chífeam cad do chífeam.

[Fosglann dóirseóir an doras. Seasann beirt fhear friothálta ar gach taobh de’n ursain ⁊ umhluighid. Preabann SÍOGRÁBH ⁊ BAGENAL ’na seasamh ⁊ umhluighid. Buaileann an Fear Ionaid, MAC UILLIAM, isteach ⁊ suidheann ag an mbórd. Tugann a ghiolla litreacha chuige ar mhias airgid.]

MAC UILLIAM.—Do shroich Ó Néill annso go moch. Is úmhal an fear é.

BAGENAL.—A thighearna, ceapaim go bhfuil sé ag crith ’na chroiceann.

[Bualadh ag an ndoras. Fosglann an dóirseóir.]

[Ó NÉILL agus Triúir Gallóglach ar láthair.]

Ó NÉILL [Ag umhlughadh a chinn go huaibhreach do’n Fhear Ionaid].—Dia ⁊ Muire dhuit a phríomh-Iarla Mac Uilliam. Mo mhear sár-úmhal duit-se agus dod’ chomhluadar.

[Ní chuireann an Fear Ionaid cor de acht féachann go géar ar Ó Néill].

B. [I nguth árd]—Crom do ghlún do’n Fhear-Ionaid.

[Ní chuireann Ó NÉILL suim ann].

MAC UILLIAM [go géar].—Chím Iarla Thír Eoghain ar láthair.

Ó N.—Led’ thoil do bhronn an bhainrioghain an tíodal san orm.

MAC U.—Is clos dúinn nach mór led’ mhuinntir féin an tíodal sain ⁊ go nglaodhaid go coitcheann “Ó Néill” ort. An dtaithnigheann an tsean-shloinneadh easumhail sin leat?

12Ó N.—Ná tóg orm é, do b’é siúd nós mo shinnsear rómham ar feadh na gcéadta bliadhan, agus admhuighim go mb’fheárr liom féin bheith im’ Ó Néill Uladh ’ná im’ rí ar Spáinn.

[Do dhuibh ⁊ do dhearg ag MAC UILLIAM, nocht BAGENAL ⁊ SÍOGRÁBH a gclaidheamhtha; sheasaimh dhá ghallóglach ar ghualainn UÍ NÉILL.]

MAC UILLIAM.—Gach claidheamh ’na thruaill. Éist, a Iarla, cuirfidh baoth-chainnt mar í sin do cheann i gceannrach. Tá dlighe i bhfeidhm do choisgeas ort-sa an ainm sin “Ó Néill” do ghabháil chúgat féin, ⁊ géill do’n dligheadh.

Ó N.—Géillim di, acht má’s maith le triath i gCúige Uladh Ó Néill do ghairm orm, ní choisgfead é.

MAC UILLIAM [le feirg].—Cuirfead-sa d’fhiachaibh ort é, ámh.

Ó N.—Fhiachaibh!—ní háil liom an focal. Má tá coir im’ leith agad-sa, éistfead léi ⁊ freagróchad tú, acht ní maith liom aighneas díomhaoin mar so.

MAC U.—Is clos dúinn gur ghríosuighis Ó Domhnaill chum eirghe amach. An séanann tú é?

Ó N.—Cá bhfuil do dhearbhadh?

MAC U.—An séanann tú é? a deirim leat.

Ó N.—D’fhreagras cheana le sgríbhinn do cheist. Ceapaim go bhfuil amhras miosgaiseach agat orm, acht muna gcreidir mé, tá machairí míne i dTír Eoghain, agus tabharfam sásamh duit annsúd.

13B.—Gabh é láithreach. Méirleach is eadh é.

[Séideann SÍOGRÁBH stoc, agus gluaiseann móirsheisear saighdiúirí ar láthair, “Ó Néill abú!” adeir na trí Gallóglaigh i nguth árd ⁊ casaid a dtuagha go bagarthach.]

MAC UILLIAM.—Síothcháin, adeirim. Tá an tIarla fá’m choimirc. Is é mo thoil go bhfillfidh sé chum a thighe gan mhoill, acht freagróchaidh sé do’n Bhainrioghain go héasguidhe.

Ó N. [go mín, measardha]—Freagróchad.


14

RADHARC III.

ÁIT: Coill cois na Bóinne. UAIN: Tuitimín an tráthnóna.

[Na capaill ag tógaint sgith. Tighearnaí i gculaithibh gallóglacha—MÁGHNUS Ó DÓMHNAILL, ART Ó NÉILL, CÚCHONNACHT MAGUIDHIR—agus Ó NÉILL.]

Ó NÉILL.—Is cóir dúinn bheith ag druidim abhaile. Béidh na capaill cortha. Ní bhfuaradar féin ná a marcaigh fleadh ná féasda i gCaisleán Bhail’-áth-Cliath; acht, dála an fhéasda, do b’fhearr as ’ná ann é.

MÁGHNUS.—Cionnus sain, a gharbhráthair? Is maith linn fialmhaireacht.

Ó N.—Acht níor mhaith leat nimh, is dócha? “Seachain an fíon, a Uí Néill!” do ráidh an dóirseóir.

ART.—Dream an fheill! Is minic do chualas an seanfhocal, “Gáire Sasanaigh, dranntán madra.”

CÚCHONNACHT.—Mhaise, mo mhíle greann na Sasanaigh, ní dhéanfainn amhras díobh! Acht, dar m’airm gaisge, béimíd suas leo fós. Is minic adeir mo dhearbhráthair Aodh ná brisfear cuing na hÉireann choidhche go mbéidh leoghan Thír Eoghain ’na thriath ar Chlann na nGaedheal.

Ó N.—Labhair socair, a Chúchonnacht na n-arm glé; bíonn cluas ar an gcoill. Tá cladarach i ngar dúinn, ⁊ chuirfinn geall go bhfuil duine éigin ann.

15CÚCH. [I n-árd a chinn ’sa ghutha]—Cia tá annsúd?

[Dhruid na duilleabhair imeasg na gcloch, agus bhuail bean uasal amach chúca as an gcladarach. D’umhluigheadar dí.

BEAN-UASAL.—Móra dhíbh, a thighearnaí Uladh, agus duit-se, a Uí Néill—níor mheath do shúil riamh ort. Tá scata fear ag Áth na Bóinne ag feitheamh libh; agus, má éirigheann leó, béidh fuil bhur gcroidhe aca.

Ó N.—Cia thú féin, a bhruinneall?

BEAN-U.—Mise Estar, cara Mheáible.

Ó N.—An ’mó fear ann, a phlúr na mban?

ESTAR.—Dhá fhear dhéag, agus Síográbh Mór mar cheann ortha.

Ó N.—A cháirde gaoil, tá ceathrar againn ann. An ngéabhamuid thríotha?

MÁGH.—Lean ar aghaidh, a bhuinneáin Néill.

ART.—Tá triúr annso ná meathfaidh ort i mbeárnain.

CÚCH.—An cath ar bhur gcoimirc, a Uí Néill—gluais!

E.—A bhuidhean an mhisnigh, ná leanaidh ar aghaidh go fóill. Chuir Meáible Bagenal mise ar bhur dtóir, agus tá mo chapall tabhartha. Impighim ort-sa, a Uí Néill, ná heitigh filleadh liom chum labhartha le Meáible, mar mhóidigh an Ridire Bagenal go gcaithfidh sí—pé olc nó maith léi é—an Tighearna de Graé do phósadh.

16Ó N.—Tá an spéir-bhean i nDroichead Átha ar ár mbóthar, airighim.

E.—Ní fhuil i n-aon chor. D’fhág sí é go deórach. Tá sí theas i nGlas Neidhn fá dhíon tighe shiúir de Shíográbh, ⁊ ceapaim gan dearmad go bhfuil seisean ar buile i ngrádh léi.

Ó N.—A bhráithreacha grínn, bíodh leo ag an áth; fillfeam ar ais go Glas Neidhn.


17

RADHARC IV.

ÁIT: Glas Neidhn—tigh chinn tuighe. UAIN: Meadhón oidhche.

[Coinneall ar lasadh i bhfuinneóig. MEÁIBLE ag fuagháil agus ag sileadh na ndeór. Sean-bhean (CÁIT DHUBH) ag crónán cois na teineadh.]

CÁIT DHUBH.—Tá faol-choin a’ faire ar áithibh na habhann;
Tá’n triath úd ’s a aicme—an síolrach na ndeamhan!—
Dá dtraochadh le Síográbh ár mbláth-fhear na lann.
Béidh liughraigh i nUladh nuair cloisfear ar ball
Gur leagadh an aicme le Síográbh na nGall;
Béidh deóra ar ainnir mar leanbh le breall,
Mar mealladh an ainnir le draoidheacht ’s le feall;
Acht is tréith é an fear borb ó chúige na mbeann
’Gus an triúr i n-aice ’na gcorpaibh gan cheann.

[ESTAR ar láthair.]

ESTAR.—Cad do chloisim? Bádhbh ag cnámhdán. Cad do chím? Bean óg uaibhreach ag gol ’sa’ caoi mar tá a tighearna sa’ mhainreach.

[Caitheann MEÁIBLE uaithe an fhuagháil, nighean sí a lámha ’gus a súla, filleann sí a gruaig, agus buaileann uirthe féin brat liath.]

18

[Bualadh ag an ndoras. Fosglann ESTAR ⁊ umhluigheann. Ó NÉILL ar láthair. Umhluigheann do MHEÁIBLE agus pógann a lámh. Umhluigheann MÁGHNUS, CÚCHONNACHT agus ART di.]

CÁIT DHUBH.—Is é seo an Tighearna de Graé gan aon amhras. Fáilte is fiche romhat-sa, a thighearna áluinn chumasaigh. Is tusa rí na bhfear; is geal é do chneas agus is módhmharach í do shúil. Molaim óm’ chroidhe do bhean.

E.—A Cháit na teangan líomhtha leimhe, is é seo an Tighearna tréan Ó Néill Uladh.

CÁIT.—Ó! luighe na bhfód ort féin ⁊ ar do shliocht, a Thighearna dhuibh Thír Eoghain! Fág mo thigh go déaghair. Mo chreach chráidhte! gan Síográbh na mbéimeann mór annso anocht go ndéanfadh sé smior dod’ chnáimh.

[Cuireann ESTAR bos ar a béal. Ní fhéachann Ó NÉILL ar CHÁIT, acht caitheann sé sparán airgid ’na hucht.]

CÁIT.—Dar Rí na nDúl! is sáir-fhear é,
An tighearna séimh i dtuaidh;
Go raibh sonas ’s séan
Gan gruaim gan léan
Ar gach n-aon do thiocfadh uaidh.

[Druideann ESTAR, an triúr Gallóglach, agus CÁIT DHUBH as láthair.]

Ó NÉILL.—A Mheáible óig na gcochall mbán, cad é fáth an turais seo?

19MEÁIBLE.—Tá mo mháthair i Sasana, agus má iarras tusa mar athchuinge ar an bhFear-Ionaid mé leigean ar n-ais chúice tabharfaidh sé do ghuidhe dhuit.

Ó N.—Is mór é do dheabhadh ag fágaint na hÉireann d’ár ndóich.

M. [Ag cromadh ar ghol]—D’innis Estar duit an fáth, b’fhéidir?

Ó N.—A Mheáible Bagenal, ó’n lá úd do chuireas rinn mo rosc ort ag Meala Fuinnte is tusa amháin grádh mo chléibh. An nglacfair mo lámh ⁊ mo chroidhe?

M. [Go mánla]—Fearg mo dhearbhráthar liom! An áirigheas tú é sin? Ní leómhfainn é ar m’anam.

Ó N.—Leómhfair é má’s maith leat féin é. Má ghoilleann sé ar do dhearbhráthair, bíodh leis.

[Téidheann MEÁIBLE go dtí an fhuinneóg, sileann sí na deóir, filleann sí ar n-ais, buaileann sí a ceann ar chuislinn UÍ NÉILL, ⁊ pógann seisean a gruadh.]

Ó N.—Ní éalóchair liom, acht béarfad liom thú láithreach bonn.

M.—Mo chlú?

Ó N.—Do chlú ar mo choimirc-se. Tá easbog ins an tigh.

[Buaileann Ó NÉILL cluigín. CÁIT DHUBH ar láthair.]

Ó N.—A Mhághnuis Uí Dhomhnaill!

[MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART ar láthair, agus an tEasbog SEÓNSACH.]

20SEÓNSACH.—A bhean-uasal óg, an nglacann tú Iarla Thír Eoghain? A Iarla Thír Eoghain, an nglacann tusa an bhean-uasal Meáible Bagenal? Tagaidh liom go seomra eile mar a bhfuil altóir gléasda.

[Amhrán go bhfillidh an lánamhna.

[An lánamhna ⁊ a gcuideachta ar láthair arís d’éis an phósda.]

MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART:

Go mairir do bhean, a Uí Néill!
Go mairir eisean, a bhaintighearna!
Go raibh an rathamhnas oraibh araon,
Agus sliocht agus séan ó’n dTighearna!
[Bualadh ag an ndoras. Fosglann CÁIT DHUBH.

[Fear ar láthair ag cur alluis de.]

An FEAR.—Tá fhios ag cách go bhfuil Ó Néill annso—táthar ar bhur dtí. Féachaidh amach!—tá soillse ar Mhachaire Lífe. Tá Sasanaigh ann; beidhfear ar bhur dtóir láithreach.

Ó NÉILL.—Suidhidh go socair, a cháirdí. Tá bean nuadh-phósta Aodh Uí Néill annso, ⁊ mo thruagh an dream do chuirfeadh ’na gceann baint léi.

MÁGH., CÚ., ART.—Hup—hurú—ú! Ó Néill abú!

CÚC.—Tóg leat an sgéal sain, a fhir dheórata. Tá Ó Néill Uladh annso gan beann ortha.

[Tugann MÁGHNUS dualgus do’n Fhear. Imthigheann an Fear.]

21MÁGH.—Má tá fíon agat, a bhean tighe, ólfamuid sláinte na lánamhan.

CÁIT.—Tá ⁊ fáilte. Leig dom faluing Uí Néill do phógadh ⁊ mala bhaintighearna Uí Néill.

[D’óladar sláinte, le “Hup—hurú—ú!”]

Ó N.—Gléasaidh na capaill. Tá an bhainis agus an fleadh a’ fuaradh i dTulach Óg.

BEAN UÍ NÉILL.—Má’s cóir dom labhairt lem’ Thighearna mór Thír Eoghain, tá Síográbh thuas ar Áth na Bóinne. Tá feall ’na chroidhe, ’gus cruimh ’na shróin, ’gus dhá fhear dhéag aige siúd rómhainn-ne.

Ó NÉILL.—Cad é ar mbeann
Ar bhodach teann,
’S a dhaosgar sluagh ar bealach rómhainn-ne?
Ní chloisfir ann
An claidheamh ná an lann,
Ní fhuil samhail na namhaid ar Áth na Bóinne.

22

RADHARC V.

ÁIT: Dúngeanainn. UAIN: Maidean.

[OLLAMH ag trácht le MEÁIBLE agus ESTAR ar shinnsear UÍ NÉILL. MEÁIBLE ag cuimilt cínn con.]

[Ó NÉILL agus a Rúnaire ar láthair.]

Ó N.—Chífir a chéile-rúin fiaguigheacht indiu; béidh na coin ⁊ na sealgairí ullamh aimsir eadartha.

[Buaileann MEÁIBLE ⁊ ESTAR a ndá ndeárna le h-áthas.]

M.—Cuirim ort, a Uí Néill, cia aca b’fhearr leat go dtí sin, cluiche fithchille, nó ceól na cláirsighe?

Ó N.—Bíodh do rogha agat-sa.

[Buaileann sé cluigín, freagaran giolla.]

Ó N.—Cláirseóir ⁊ clár fithchille.

[Cláirseóir ar láthair.]

CLÁIRSEÓIR.—Cad é badh mhaith leis an mbuidhean ríoghamhail.

Ó N.—Bíodh do rogha agat-sa, a bhean tighearna, an ceól is maith leat-sa is maith liom-sa é. Seinn suas, a chláirseóir, ⁊ má’s maith léi-si ná staon go gcloisimíd glór na gcon ag uail ar iallaibh.

23M.—Seinn ⁊ can an Róisín Dubh.

[Seinneann an Cláirseóir “An Róisín Dubh,” Ó NÉILL ag éisteacht, agus a lámh ar a smeigín aige, gur críochnuigheadh an t-abhrán.]

[Bualadh ar an ndorus: fear ar láthair.]

FEAR.—Is mise teachtaire bainrioghna.

[Síneann sé litir chum UÍ NÉILL.]

RÚNAIRE UÍ NÉILL.—Ar do ghlúnaibh i láthair Uí Néill, a theachtaire.

TEACHTAIRE.—Ní gnáthach é i bhfiadhnuise Iarla, d’umhluigheas dó.

RÚNAIRE.—Ar do ghlúnaibh go déaghair i bhfiadhnuise Uí Néill, a deirim leat.

[Feacann an teachtaire a ghlúna go gruaimeach.]

Ó N.—Éirigh a theachtaire.

[Éirigheann sé. Imthigheann an bhanntracht as láthair: léigheann Ó NÉILL an litir, ⁊ preabann sé ’na shuidhe.]

Ó N.—A rúnaire, séid an buadhbhal láithreach agus cuir an ghairm amach, ceapaim go bhfuil arm na námhad gléasda ar ár dteórannaibh ⁊ béidh sé anuas orainn muna ngéillmíd do’n litir seo, ⁊ ar m’onóir ní ghéillfeam. Cad do bhéarfadh go gcuirfeadh Mac Uilliam a leithéid seo de litir dhrochmhúinnte chúgam, mo bhean nuadh-phósta do chur na geall síothchána go Baile-Áth-Cliath agus bannaidhe thabhairt ná cabhróchad le hÓ Dómhnaill. Bailigh, adeir an fear mí-iomchuir seo, gach fear claidhimh id’ thír ⁊ id’ chomhluadar le haghaidh congnaimh do thabhairt chum Ó Dómhnaill do ghabháil.

24RÚNAIRE.—Ná léigh a thuilleadh dhi, a Uí Néill.

[Glacann Ó NÉILL cleite agus sgríobhann.]

Ó N.—Sin é cloichead coimirce, a theachtaire, má bhéidh fear im’ cheanntar ar tí bárr méire do bhualadh ort teasbáin é sin do. Ní fhuil freagra agam do’n Fhear Ionaid. Gread leat.

[Teachtaire as láthair.]

[Bualadh ar an ndorus. Beirt Fhear Faire ar láthair.]

An Chéad FHEAR FAIRE.—Chonnarcas sluagh ag Árd Macha ar maidin indiu, a n-aghaidh i ndeas.

An Dara FEAR FAIRE.—Chonnarcas dóighteán ar teórainn Mhuineacháin tráthnóna indé, ⁊ sluagh ag triall i ndeas.

Ó NÉILL.—Bíodh leó. Támuid ullamh i gan fhios dóibh, buidheachas mór le Dia; shílidh muinntir an fheill go rabhamar ’nár gcodladh.


25

RADHARC VI.

UAIN: An tráthnóna céadna le luighe gréine.

[Ó NÉILL gléasda, armtha. Sluaighte Uladh—a bpíoba a’ seinnm—ag triall ó gach áird go faithche Dhúingeanainn. Labhrann Ó NÉILL leó.]

Ó NÉILL.—A bhuidhean nár thréig an cath, tá an namhaid chealgach ar ár dteórainn. Tá an oidhche, le n-a sgamalaibh, ag tuitim anuas ar Uladh na laoch; acht éireóchaidh an ghrian go taithneamhach i mbárach, ⁊ éireóchaidh ’na teannta, grian an chirt ⁊ brígh ⁊ buadh na bhfear gcalma, sliocht Chuinn ⁊ Airt, nár ghéill do dhaoirseacht riamh. Gluaisidh!

[Na sluaighte i n-aon ghuth: “Lámh Dearg abú!”]

[Gluaiseacht sa n-oidhche go Druimfhliuch. Ó Néill le h-éirghe an lae ar chárnán, ag féachaint ó dheas, ⁊ a thaoisigh le n-a chois. Tagann ceathrar Gallóglach ar láthair ⁊ dhá bhraighde aca. Labhrann CÚCHONNACHT leó.]

CÚCHONNACHT.—Cia hiad so agaibh?

GALLÓGLACH.—Ag triall dúinn trasna Áth na Dubhabhann roimh lá chonncamar laoch mór ar an bport theas, ⁊ bheannuigheamar dó, acht thug sé na mionna móra dá leanamuís ar aghaidh go mbéadh ar gcinn aige. Leanamar, ámh, ⁊ thug sé cúl orainn. Ghabhamar an bheirt seo i mbóithrín cois na háite ⁊ scéithidh ceann aca. 26Deir sé gurab é Síográbh an laoch úd, agus go rabhadar araon agus eisean ar a slighe go Dúngeanainn chum Bhaintighearna Uí Néill d’fhuadach.

Ó NÉILL.—Cad deir an fear sain?

GALL.—Deir an fear so do ghabhamar, a thighearna, go bhfuil Síográbh ar do thí-se. Tá sé ar tí cómhraic aen-fhir do chur ort.

Ó N.—Ní sgéal nuadh é sin; tá an sgéal dá aithris i mBaile Áth Cliath le mí.

GALL.—Chuala an bhean-sídhe ag caoineadh aréir i gCluain Tiobraid. Is é Síográbh na Lann an fear is tréine imeasg na Sagsan. Iarraim mar athchuinge ort, a Uí Néill, gan troid leis; bainfead-sa féin cor as id’ ionad-sa.

Ó N.—Go raibh míle maith agat, a Dhómhnaill mhóir Maguidhir. Sguir ó’n sgéal úd an cor so; acht ar innis an braighde dhuit an ’mó fear atá leis an Sasanach i gCluain Tiobraid?

GALL.—Chonnac lem’ dhá shúil féin an sluagh ’na suidhe ar Chluain Tiobraid, agus d’áirmhigheas ann le solus gealaighe, dar liom, trí mhíle fear. Adeireas fós an príosúnach so liom go bhfuil cheithre mhíle fear ’na suidhe ag Druimfhliuch. Acht seachain tú féin, a Uí Néill, ar Shíográbh calma na Lann. Impighim an méid sin ort.

27Ó N.—A Mhághnuis, a Chúchonnacht, ⁊ a Airt, an cath ar bhur gcoimirc. Tá sluaighte líonmhara i n-aghaidh Uladh. Tá sé d’fhiachaibh orainn an namhaid do chlaoidh ar Chluain Tiobraid. Gluaisidh!

[Glór na gclaidheamh i bhfad uainn, ⁊ seinnm árd na bpíob. Gluaiseann Ó NÉILL tarsna an mhachaire agus gríosuigheann sé Clann Uladh. Casann SÍOGRÁBH air ar bruach na habhann ⁊ cuireann liugh as.]

SÍOGRÁBH.—Seasaimh, a Iarla dhuibh Thír Eóghain! Tá do ghnó déanta anois. I gcionn lae go n-oidhche béidh Meáible mhánla ’na leanán agam. Béidh seabhaic agus fiag dhúbha na gcnoc ag troid ós cionn do choirp, ’gus gan aon dod’ chomhluadar mhalluighthe suas, le dorn cré do chaitheamh ort.

Ó NÉILL.—A bhodaigh mhóir na Sagsan, do cheap le meatacht ⁊ feall mo sgórnach do ghearradh ag Áth na Bóinne, tarraing i leith, mar tá ampladh chum do chonnablaigh ar mhadraibh geárra.

[Cómhraicíd siad. Cuireann sé Ó NÉILL i ndiaidh a chúil agus cuireann air go dian. Sgreadann MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART. Éirigheann mire ar UA NÉILL, tiomáineann sé i ndiaidh a chúil SÍOGRÁBH, buaileann sé baic-bhéim air; teanntuigheann SÍOGRÁBH leis agus bheireann barróg air, acht caitheann Ó NÉILL é ar phleasg a dhroma, buaileann sé blosg-bhéim air ar tuitim, ⁊ cuireann sé a chos ar a chliabh. Tarraingeann SÍOGRÁBH an anál—bás SHÍOGRÁBH. Liugh na bhfear.]


28

RADHARC VII.

ÁIT: Béal Átha Buidhe. UAIN: Éirghe an lae.

[Ó NÉILL, MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, ART ⁊ ceathrar eile i gcomhairle cogaidh.]

Ó NÉILL (ag preabadh ’na shuidhe).—Cloisim, má mhairim, píoba gluaiseachta Thír Chonaill. Béidh Aodh Ruadh annso láithreach.

MÁGHNUS.—Cloisim-se leis iad, agus eiteallann mo chroidhe—acht éist! cluinim ceól ag gabháil aniar ⁊, dar mo bhaiste, tá Aodh Mag Uidhir i dtosach, an laoch is calma do tháinig riamh ó cuireadh ’sa s-úir Osgar óg na bhFiann.

Ó N.—Acht féach anoir, a bhráithre! Tá Bagenal ar siubhal go moch. Thug sé na móide go mbiaidh a dheirbhshiúr Meáible ’na baintreabhach sul chaillfeadh an crann-úbhall a thoradh.

ART.—Tá an claidheamh i ngar do threasgar Síográbh.

CÚCHONNACHT.—Nach dán iad dream an fheill d’éis an ghreas do bhuaileamar ortha i gCluain Tiobraid agus i nDruimfhliuch; acht bheirim-se liaigh go ngeobhaid siad cluiche indiu go mairfidh a chuimhneamh fad do bhéidh sruth ag triall chum sáile.

29Ó N.—Cuireann do chainnt i gcuimhne dhom go rabhais-se agus mise i nguais ár mbáthadh ar lár na fairrge. D’éirigh bean-scéimh áluinn go hobann as cúbhar na mara, agus thairig sí dhomh-sa minríoghachda na hÉireann; acht d’áitímhis orm diúltadh dhí, mar dar leat dubhairt an ghruagach leat nach raibh sé ’ndán d’aon fhear de Chlann Uí Néill seasamh a thuilleadh ar an Lia Fáil thíos i dTeamhar na Ríogh. Badh mhaith liom fáistine d’fhagháil ar sin, acht chím an mheirg mheablach ag druidim linn. Séid an buadhbhal, a churaí an lae chruaidh.

MÁGH.—Chonnarc-sa féin im’ aisling aréir an ghruagach thíos imeasg na gcorp⸺

Ó N.—Sguiream de chainnt ar throm-luighe an cor so. Tá an námhaid ag gabháil ’nár dtreó. Dia le hÉire!

[Séideann an buadhbhal ⁊ cruinnigheann na fir.]

Ó N.—A bhuidhean mo chléibh, a laochra Uladh, cabhair Dé chugainn! Bíodh neart ’nbhur lámha ⁊ dóich ’nbhur gcroidhe, ⁊ mairfidh bhur gclú go Lá an Luain. Tá an sean-námhaid—dream agus síol na ndeamhan—os bhur gcomhair, do lot bhur dtír, do sgaip bhur gcineadh, ⁊ do dhéanfadh tráillí dhíbh. Buailidh mar bhuailfeadh bhur sinnsear romhaibh—buailidh le neart, buailidh le fuaim, buailidh ⁊ brisidh na cnámha ’s na cinn, buailidh 30mar bhuaileann an tonn ar an tráigh, millidh mar mhilleann an lasair an crann, stracaidh mar stracfadh na faolchon an fiadh, gearraidh mar ghearran an sgian thré mhairt-fheóil, sgaipidh na Danair mar sgaipfeadh an síon cáithleach an choirce ⁊ borrach an lín.

Na FIR go léir.—“Lámh Dearg abú!”

[Cath an Átha Bhuidhe, fuaim na mbuillí, gleó na bhfear ’sa’ bhruighin; an námhaid ag teitheadh. Meirg Uí Néill ar bárr. Liúgh agus lúthgháir na bhfear.

RADHARC VIII.

ÁIT: Dúngeanainn. UAIN: An tráthnóna.

[Fáilte UÍ NÉILL. Ceól—an phíob agus an chláirseach. Abhrán buadhthach (“Ó Dómhnaill Abú,” nó ceann eile). Rinnce os comhair UÍ NÉILL.]

(CRÍOCH.)
31

GAELIC LEAGUE PUBLICATIONS.
Gaelic League Series.—Simple Lessons in Irish.
    Post Paid
    s. d. s. d.
1. Simple Lessons in Irish, giving the pronunciation of each word. By Rev. Eugene O’Growney. Part I. (35th Edition, 211th Thousand). 0 3 0 4
2. Do. do. (17th Edition, 76th Thousand) Part II. 0 3 0 4
3. Do. do. (9th Edition, 35th Thousand) Part III. 0 6 0 7
4. Do. do. (5th Edition, 19th Thousand) Part IV. 0 6 0 7
5. Do. do. (3rd Edition, 13th Thousand) Part V. 0 6 0 7
           
           
Gaelic League Series—Irish Texts.
           
1. Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn. The Poetic Works of Rev. Geoffrey Keating, D.D. Edited with Introduction and Vocabulary, by Rev. J. C. MacErlean, S.J., B.A. Crown 8vo, 224 pages. Paper Wrapper. Net 1 0 1 3
  Do. Cloth, gilt 1 6 1 9
  Do. Leather, gilt edges 2 0 2 3
2. Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin. The Songs of Eoghan Ruadh O’Sullivan. Edited, with Introduction and Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M.A. Crown 8vo, 260 pages. Paper Wrapper Net 1 6 1 9
  Do. Cloth, gilt 2 0 2 3
  Do. Leather, gilt edges 2 6 2 9
3. Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill. The Songs of Seaghán Clárach MacDonnell. Edited, with Introduction and Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M. A. Paper Wrapper 1 6 1 9
  Do. Cloth, gilt 2 0 2 3
  Do. Leather, gilt edges 2 6 2 9
4. Dánta Shéafradh Uí Dhonnchadha an Ghleanna. The Poems of Geoffrey O’Donoghue of the Glen. Edited, with Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M.A. Paper Wrapper 1 0 1 2
  Do. Cloth, gilt 1 6 1 9
  Do. Leather, gilt edges 2 0 2 3
5. Dánta Piarais Feiritéir. The Poems of Pierce Ferriter. Edited, with Introduction and Vocabulary, by Rev. P. S. Dinneen, M.A. (In the Press).        
           
           
Gaelic League Series.—Popular Booklets.
(Demy 8vo. 16 pages.)
           
1. An tAithriseóir. An Irish Recitation Book. Edited by Tadhg O’Donoghue and P. H. Pearse, B.A., Barrister-at-Law. Part I. (2nd Edition, 6th Thousand) 0 1 0
2. Ráiteachas. Conversational Ulster Irish (Republished from Nelson’s “Introduction to the Irish Language.”) Part I. (2nd Edition, 6th Thousand) 0 1 0
3. I dTaoibh na hOibre. A Pamphlet for Irish Speakers. By Owen Naughton 0 1 0
4. Greann na Gaedhilge. Humorous Short Stories. By Henry Morris. (2nd Edition, 6th Thousand) 0 1 0
5. Tadhg Gabha. A Humorous Tale of Kerry Life. By J. J. Doyle. (2nd Edition, 6th Thousand) 0 1 0
6. Sean-Fhocail na Mumhan. The Proverbs of Munster. Collected by Tadhg O’Donoghue. Part I. 0 1 0
7. Blátha Bealtaine. Three Short Stories, translated from the English of Mary E. L. Butler, by Thomas Concannon, 24 pages. Illustrated 0 2 0 3
           
           
Gaelic League Series—Gaelic Journal Booklets.
           
1. Grádh ⁊ Crádh. A Short Story by Agnes O’ Farrelly, M.A. 28 pages. 0 1 0
           
           
Gaelic League Series.—Original Irish Works.
           
1. Cormac Ua Conaill. An Historical Romance, dealing with the fortunes of a Kerry peasant lad during the Desmond wars in the 16th century. By Rev. P. S. Dinneen, M.A. Crown 8vo. 90 pages Net 1 0 1 2
  Do. Cloth, gilt 1 6 1 8
           
           
Gaelic League Series—Original Irish Works (con.)
           
2. Cill Áirne. A Description of the Scenery of the Killarney Lakes. By Rev. P. S. Dinneen, M.A. Illustrated. Leather, gilt edges Net 2 0 2 2
  Do. Cloth, gilt ” 1 6 1 8
  Do. Paper wrapper ” 1 0 1 2
3. Beatha Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin. The Life of Eoghan Ruadh O’Sullivan. By Rev. P. S. Dinneen, M.A. Paper 0 9 0 10
  Do. Cloth, gilt 1 3 1 4
  Do. Leather, gilt edges 1 9 1 10
4. Seóda na Sean. A Collection of Old Tales re-told. By Thomas Concannon. Illustrated. (In the Press.)        
           
           
Gaelic League Series.—Irish Folklore.
           
1. Sgéalaidhe Fearnmhuighe. A Collection of Monaghan Folk-tales. Edited, with short Notes and Glossary, by J. H. Lloyd. 128 pages. Paper wrapper Net 0 9 0 11
2. Trí Sgéalta. The Three Stories which won First Prize in Folk-Lore competition at Oireachtas, 1900. Edited, with Vocabulary, by Douglas Hyde, LL.D. Paper 0 9 0 11
           
           
Gaelic League Series.—Irish School Readers.
           
1. Prímhleabhar Gaedhilge le haghaidh na Naoidheanán. An Irish Infant Primer. 32 pages. Illustrated. (5th Edition, 29th Thousand) 0 1 0
2. An Chéad Léightheóir Gaedhilge. The First Irish Reader. 64 pages. Illustrated 0 2 0 3
           
           
Gaelic League Series—Irish Songs and Music.
           
1. Cláirseach na nGaedheal. A collection of Irish Songs, with Airs in Staff and Tonic Sol-fa Notations. Edited by Brendan Rogers and J. H. Lloyd. Demy 4to, 12 pages. Part I. 0 3 0
  Do. Part II. 0 3 0
2. Ceatha Ceóil. Popular Irish Songs, with Accompaniments. Arranged by Carl G. Hardebeck.        
  Siubhail, a Ghrádh 0 2 0
  An Draighneán Donn 0 2 0
  Róisín Dubh 0 2 0
           
           
The Oireachtas Proceedings.
           
1. Imtheachta an Oireachtais, 1897. 124 pages Net 1 0 1 2
2. Do. do 1898. Edited by Tadhg O’Donoghue and Norma Borthwick. 100 pages Net 1 6 1 8
3. Imtheachta an Oireachtais, 1899. Edited by S. J. Barrett. 174 pages Net 1 6 1
           
           
Gaelic League Pamphlets.
           
Gaelic League Pamphlets, 1 to 24, 1d. each, post free, 1½d.; 9d. per dozen, or 5s. per 100, post free.
           
           
Gaelic League Leaflets.
           
1. Dhá Ádhbhar Déag. Twelve Reasons for knowing Irish 0 1 0 1
2. Two Schools: A Contrast. By Mary E. L. Butler 0 1 0
The above may be had at 9d. per doz., or 5s. per 100, post free.
           
           
Students’ Handbooks.
           
1. Leabhar Cainte. The Prize Oireachtas Phrase Book. By J. J. Doyle. Edited by S. J. Barrett. Crown 8vo, 172 pages. Paper wrapper Net 1 0 1 2
  Do. Cloth, gilt 1 6 1 9

Nótai Tras-Scríobhaí

Chlóigh an leabhar seo ó bhunús i gcló Gaelach le poncanna séimhithe. Úsáideann an ríomhleabhar seo cló trom chun cló Gaelach isteach an roinn cló Rómhánach a comharthaigh.

Rinneadh na ceartúcháin seo:

Tá ealaín clúdaigh nua le an ríomhleabhar seo tíolactha do an fhearann poiblí.